Duirt Osgur
“Gach buíochas do mo chlann, gaolta, feachtasóiri and dliodóirí a sheas liom leis na blianta.
“Sé seachtaine ó shin, d’fhreastal mé ar shochraid mo charad Brian Mc Nally.
“Bhí seisean chomh maith ar dhuine de na híospartaigh den éagóir cheartais a d’eascair as scannal robáil Traein an Phoist i Sallins [Sallins Train Robbery]
“Níor mhair sé fada go leor chun an méid den ghlanadh ainm, agus fiú den fhíordheimhniú a fuair mé inniu a fheiceáil.
“Cosúil liom féin agus le Nicky Kelly, tá sé glactha anois ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí [DPP] nach raibh aon lámh, gníomh ná páirt againn sa robáil sin.
“Fir neamhchiontach a bhí ionainn, agus i ndáiríre ba sinne íospartaigh coireanna tromchúiseacha.
“Cruthaíodh “admhálacha” bréagacha mar thoradh ar bhrúidiúlacht agus ar chéasadh. Cuireadh an “fhianaise” mar a thugtaí uirthi sin faoi thaca ag mionna bréige sa bhosca finnéithe sa Chúirt Choiriúil Speisialta ag go leor den bhreis is caoga Garda a thug fianaise ann.
“De bharr ghníomhartha coiriúla a rinneadh d’aon turas agus a chruthaigh éagóir chórasach, agus a d’fhág muid i bpríosún ar feadh tréimhsí fada, a rinne dochar dár sláinte, a scrios ár gcáil agus a chuir isteach go buan ar ár saol, táimid fós ag fanacht leis an fhiosrúchán Poiblí Neamhspleách atá á éileamh ag coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus Eorpacha agus ag ár mBunreacht féin.
“Tá an Rialtas, go dtí an lá atá inniu ann, tar éis diúltú — mar a rinne sé cheana — Fiosrúchán Poiblí Neamhspleách a bhunú maidir leis an gcaoi ar caitheadh linn ón lá ar gabhadh sinn go dtí dáta ar bith a bheadh leagtha síos don fhiosrúchán sin. Is seasamh náireach é sin.
“Níl suim ag an Stát gníomhaíocht choiriúil a rinne a chuid seirbhíseach agus gníomhairí féin a fhiosrú. Ní seasamh inmharthana é sin.
“Táthar ag rá leis an bpobal gur cás stairiúil atá ann. Ní cás stairiúil é. Is cás reatha é atá fós gan réiteach. Tá gnó fós le cur i gcrích.
“Is cosúil go bhfuil an Rialtas sásta ligean do ghníomhaíocht choiriúil imeacht gan phionós, gan aithint agus gan tabhairt faoi. Tá sé sásta smál a fhágáil ar ainm an Gharda Síochána.
“In ainneoin na ndrochthionchar tromchúiseach agus buan a d’fhulaing mé ar mo shláinte féin, tá mé i mo sheasamh anseo inniu chun an éagóir chórasach atá fós ar bun a cháineadh agus chun an mhí-mhisneach mhorálta atá le feiceáil i measc cuid mhaith díobh siúd atá i gcumhacht a thabhairt chun solais — daoine atá sásta bheith i gceannas ar an éagóir sin agus a neamhghníomh féin a chosaint, rud atá cothrom le bheith páirteach sna coireanna seo.
“Ag labhairt dó i ndiaidh an cháis, dúirt Osgur Breatnach:
“Cé a d’ordaigh do Patrick Cooney, Aire Dlí agus Cirt an ama, ordú a thabhairt don Choimisinéir Gardaí, Ned Garvey, an Garda Heavy Gang mídhleathach a chur ar bun agus a stiúradh?
“Cén fáth ar dhiúltaigh rialtas an lae sin agus gach rialtas ó shin a gcuid dualgas faoi chomhaontuithe na Náisiún Aontaithe agus faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a chomhlíonadh trí fhiosrúchán poiblí neamhspleách a reáchtáil in ainneoin na líomhaintí céastóireachta?
“Cad atá gach rialtas go dtí seo ag cur i bhfolach leis an ollmhaithiúnas atá tugtha acu don Heavy Gang agus do dhaoine eile a ghlac páirt i gcomhcheilg chun cúrsa an cheartais a chur ó mhaith?
“Cathain a stopfaidh an Rialtas de bheith ag cur na fírinne i bhfolach?
“Cá bhfuil fíorbhrí Airteagal 40 den Bhunreacht, a thugann cosaint do gach saoránach?”
Tá ráitis ar leith eisithe ag Comhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta [ICCL] agus ag KRWLAW.





